Gearóid Costello
Cuireann taisteal áthas orm anois. Nuair a bhínn ag obair, áfach, théinn ar turas trí nó ceithre lá gach seachtain. Bhínn faoi bhrú bualadh le daoine agus feabhas a thaispeáint ar son na comhlachta.
Anois nach bhfuilim ag obair, bím ag taisteal le mo bhean chéile. Bainimid sult as ár am le chéile, agus bainimid sult as na daoine, as na háiteanna, agus as na bailte difriúla.
Bhíomara ag caint le beirt ón Astráil cúpla seachtain ó shin in Isle D’Orléans, Québec. Rugadh agus tógadh sa Fhrainc agus san Iodáil iad. Anois, tá siad ina gcónaí san Astráil. Bhí scéalta ana-shuimiúla acu. Labhraíomar faoin aontachtachas agus faoin neamhspleáchas. Bíonn sé níos fusa caint faoi shonraí mar seo nuair a bhíonn tú ag taisteal. Is rud, deas, socair agus suimiúil atá ann dúinn. Tugann sé faoiseamh agus briseadh do mo bhean chéile freisin toisc go mbíonn sí ag obair fós. Bím sona sásta nuair a bhíonn sí sona sásta.
Díreach ar aghaidh chuig an chéad aerfort eile nó an chéad staisiún traenach eile!
Eileen French
Musclaíonn sé fearg ionam nuair a bhíonn daoine ag mí-úsáid ainmhithe. Tá sé uafásach agus tá na daoine olc. Is rud an-ghránna atá ann.
Cuireann sé an-sonas orm nuair a bhíonn mo chait ag súgradh. Is breá liom iad a fheiceáil ag rith agus ag iomrascáil le chéile. Tá siad an-ghreannmhar.
Nóirín
Cuireann sé an-fhearg orm nuair a chloisim polaiteoirí i Washington DC. ag caint i gciorcal agus ag déanamh rud ar bith. Bím trína chéile nuair a iompraíonn siad cosúil le leanaí beaga. Tá sé náireach. Idir an dá linn, tá ár dtír i go leor trioblóide agus fulaingíonn mórán daoine. Tá imní agus tá eagla orm.