Faoiseamh A Gheobhadsa
Léigh muid an dán cáiliúil ‘Faoiseamh a gheobhadsa’ le Máirtín ó Direáin agus chuimhnigh muid ar na rudaí a thugann faoiseamh dúinn féin.
Faoiseamh a gheobhadsa
le Máirtín ó Direáin
Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
Ar oileán mara,
Ag siúl cois cladaigh
Maidin is tráthnóna
O Luan go satharn
Thiar ag baile.
Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
I measc mo dhaoine,
Ó chrá croí,
Ó bhuairt aigne,
Ó uaigneas duairc,
Ó chaint ghontach,
Thiar ag baile.
Eileen French:
Rud a thaitníonn liom ná ag foghlaim. Tugann sé dúshlán dom. Anois díreach tá mé ag foghlaim Gaeilge agus tá mé ag déanamh cúrsa le bheith i mo thréidlia teicneoir i Holyoke Community College. Déanaim dearmad ar an obair mar tá mé an-ghnóthach.
Rud eile a thaitníonn liom ná am a chaitheamh le mo chait. Mocha, Niela, Maeve agus Aisling is ainm dóibh. Tá siad seafóideach agus grámhar. Cuidíonn siad liom a bheith sásta.
Laoise Collins:
Rud a thaitníonn liom ná a bheith ag siúl le mo mhadra i mo chomharsanacht. Tá na crainnte go hálainn agus tá an féar glas ‘is tiubh. Is breá liom a bheith ag longadán ann le mo mhadra. Tugann sé seans dom sos a thógáil.
Taitníonn sé liom rudaí spéisiúla a léamh, mar tugann sé faoiseamh agus eolas dom. Is fearr liom stair agus úrscéalta stairiúla. Táim ag léamh “Winter of the World/Geimhhreadh an Domhain” le Ken Follett anois. Is maith liom litríocht taistil freisin.
Seoirse Podmore
Pádraigín Eagan
Téim go dti Ceanada sa samhradh. Téim go dti Quebec le mo chairde sa charr. Fágaimid ag a leathuair tar éis a hocht ar maidin. Is turas dhá uair dhéag é. Téim a chodladh amuigh faoin aer agus cois abhainn Saint Lawrence. Ar maidin duisím agus féachaim ar na míolta móra ag snámh. Téim go Quebec chun ainmhithe móra a fheiceáil. Tugann sé seans dom cupla focal Fraincíse a rá agus ainmhithe móra a fheiceáil cois abhainn. Is breá liom dul go Quebec, Ceanada!