San amhrán, Amhrán na Trá Báine, cuireann Bríd Ní Mháille a scéal imirce féin in iúl:
Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is breá an rud é an t-Earrach féin,
Níl caint ar obair bossannaí ná rud ar bith mar é,
Seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí nó ag baint fhéir,
Níl fear ar bith dhá bhoichte nach bhfuil feilm aige féin.
Céard iad na scéalta imirce atá ag muintir an ranga?
“Economic Pressure” le Seán Keating, 1923.
Dia dhaoibh! Henry French is ainm dom agus is as Gaillimh mé. Ach bhí orm Éire a fhágail i 1785. Bhí rudaí garbh ar na Caitlicigh agus na hÉireannaigh. Bhog mé go Tennesse i Meiriceá. Chuir an t-eachtra sin eagla agus sceitimíní orm. Chuir sé neirbhís orm. Mhúscail an t-aistear báid aiféala orm ach chuir brionglóid an turas ar ais an-dóchas orm.
Bhí Meiriceá an-mhór agus an-fiáin. Bhí an taobh tíre cosúil leis an mbaile. Casadh cúpla Meiriceánach dúchais orm agus bhí cailín óg ann a chuir ag smaoineamh faoin bpósadh mé.
Eileen French
Rugadh mo sheanmháthair i 1872 i nDroichead na Banna, Contae an Dúin. D’fhág sí Éire agus tháinig sí go Meiriceá nuair a bhí sé fiche.
Bhí saol na tuaithe in Éirinn deacair ag an am sin. Bhí an daonra ag méadú agus ní raibh go leor oibre in Éirinn.
Tháinig sí go Meiriceá ar bhád. Bhí sé ag iarraidh slí bheatha níos fearr sa saol.
Sílim go raibh sé sásta i Meiriceá ach chaill sí a clann ar ais in Éirinn. D’oibrigh sí mar chailín aimsire. Ní raibh sé éasca obair a fháil, dá mba Éireannach thú.
Ní dóigh liom go raibh sé éasca a bheith ag obair do dhaoine saibhre i Meiriceá, ach creidim go raibh sí sásta a bheith anseo.
I mo thuairim, bhí mo sheanmháthair ina bean an-láidir!
Mary Bednarz
Bí ag féachaint ar an bpictiúr den fhoireann. Tá mórán fir ina suí ansin. Feictear dom go bhfuil siad staidéartha, tréitheach, agus dóchasach. Cé hiad na fir? Bhuel, is eismircigh iad. Is as Cill Orglan i gContae Chiarraí iad. Tá an pictiúr breac, tirim anois agus tá sé an-luachmhar dom. Ag an am sin, bhí na fir ina gcónaí i Northampton, an baile beag tuaithe in Iarthar Massachusetts. D’imir siad peil Ghaelach go trodach agus d’oibrigh siad go crua ar an iarnróid Boston agus Maine. Chruthaigh siad tacaíocht le chéile sa phobal, sa teaghlach aghus ar an bpáirc.
D’imigh siad as Éirinn i míle ocht gcéad nócha is a cúig. Ní raibh mórán oibre i gCiarraí ag an am sin. Táim cinnte go raibh sé deacair dul ar imirce, ach ní dhéanfadh siad dearmad ar a gceantar, a dtuismitheoirí ná a gcairde. Bheadh an teanga, na cairde agus an cultúr difriúil, ach bhí Meiriceá ag fás agus ag soláthar deiseanna móra ar son gach duine. Cé go raibh sé difriúil, bhí sceitimíní orthu. Sula i bhfad, áfach, cuireadh faoi chois iad sa timpeallacht nua. Mar sin féin, rug siad bua ar na constaicí.
Ar dtús, bhí aiféala agus brón orthu. Ansin, shocraigh siad síos ina gceantar nua. Bhí siad dícheallach agus díograiseach. Sa deireadh, d’éirigh siad ráthúil. Bhí a shliocht orthu, d’éirigh an saol leo. Ach, tá ceist agam ort a léitheoir: conas a dhéanann tú rath a thomhais? An raibh saol níos fearr anseo i Meiriceá nó in Éirinn? Braitheann sé, is dócha.
Is fada an t-achar ó Chil Orglan. Chuaigh mo sheanathair ó Chobh go Nua Eabhrac. Bhuail sé leis na daoine eile óna cheantar. Bhí siad ag dul go bailte mar Hartford, Springfield, agus Holyoke. Ba é Diarmuid an duine ba shine sa teaghlach. Ní raibh aithne aige ar aon duine i Northampton, ach bhí obair ansin. Ba duine neamhspléach é.
Cad a cheap sé nuair a shroich sé an áit? Bhí sé níos aistí ná mar a shíl sé! Ní raibh fáílte mhór roimhe. An raibh sé níos áille ná Cil Orglan? An raibh sé trína chéile? Ar thapaigh sé na deiseanna? Maidir leis an aimsir, bhí sé níos fuaire sa gheimhridh agus níos teo sa samhradh. Ba chuma leis.
Mar a deireann an seanfhocal, is cuma leis an óige cá leagann sí a cos. Beannacht Dé lena anam.
Gearóid Costello